Dhá Chluas Chapaill ar Labhraí Loinsigh

Scéal eile a d’inis Seán.  Bhaineamar go léir taitneamh as an oíche chéanna.

Dhá Chluas Chapaill Ar Labhraí Loinsigh

- ó scéalta Chéitinn

Seo scéal díobh faoi rún.  Deirtear gur binn béal ina thost.  Ní minic a bhfanann béal ina thost áfach.

Bhí rí ann fadó darb ainm Labhraí Loinsigh.  Ba chosúil gur cuma chluasa chapaill do bhí ar a chluasa.  Anois, bhí náire ar Labhraí faoina chluasa agus choimeád sé iad faoi cheilt.  Nuair a bhí air bearradh gruaige a fháil gach bliain, maríodh an té a rinne láithreach, ionas nach scaoileadh leis an rún.   Bhíodh cranchar ann chuile bliain chun a fháil amach cé rachadh chun an rí a bhearradh agus fios go maith ag an duine a roghnaíodh gur bás a bhí i ndán dó.

An bhliain áirithe seo do thit an crannchar ar mac baintrí agus is brónach ar fad a bhí an bhean chéanna.

“Ó a mhac.  Ná habair.” ar sise ag olagón, “Cad a dhéanfaidh mé gan tú?  Mé fágtha i m’aonair gan cabhair, gan cúnamh, gan comhluadar, gan cara, gan cion.”

Mar sin do shocraigh sí ar dul ag guí ar an rí.  Anois, mar is eol díobh ar fad, nuair atá rud éigin á lorg ag bean, is minic a fhaigheann sí é.  Nuair atá rud éigin á lorg ag máthair is cinnte go bhfaigheann sí é.  Agus arís bhí an t-olagón céanna aici don rí: “Cad a dhéanfaidh mé gan tú?  Mé fágtha i m’aonair gan cabhair, gan cúnamh, gan comhluadar, gan cara, gan cion.”

Tar éis caint crosta ciapach na mná a chlos, do gheall an rí:

“Alright in ainm Dé, táim braon den olagón.  Ní mharófar do mhac má gheallann sé féin go ndéanfaidh sé rún den rud a fheicfeann sé nuair a bhearrann sé mo chuid gruaige.”

B’shin a tharla agus b’shin mar a bhí.  Ach nuair a ghearr an laid óg gruaig an rí chonaic sé na cluasa chapaill agus ba bheag nár thit sé i laige.  Bhí an rún ag déanamh tinnis dó; bhí sé ag siadadh ina chorp; bhí sé ar nós pian ina chroí.   Do rith sé amach as caisleán an rí agus lean sé air, ag rith leis, an bóthar síos.  Ar deireadh, tháinig sé chuig crann mór in aice an bhóthair agus stop sé.  Bhí pianta an rúin marfach faoin am seo agus do chrom sé ag poll sa chrann, chuir sé a bhéal in aice an phoill agus d’inis sé an scéal.

“Tá dhá chluas chapaill ar Labhraí Loinsigh”

Leis sin, d’imigh na pianta óna chorp agus shiúl sé abhaile go sona

Anois bhí ceoltóir darb ainm Craiftine i ndún an rí agus tharla gur bhris a chruit.  Nuair a fuair sé adhmad chun cruit nua a dhéanamh ba é an crann ar thaobh an bhóthair a leag sé.  Anois bhí an scéal ar eolas ag an gcrann agus nuair a rinneadh an cruit de, bhí an scéal ar eolas ag an gcruit chomh maith.  Oíche amháin, mar sin do rug Craiftine an chruit leis chuig halla an rí agus do thosnaigh sé ag seinm.   Agus do chan an chruit:

“Tá dhá chluas chapaill ar Labhraí Loinsigh”

Chomh luath agus a chuala an rí Labhraí é sin, tháinig áiféala air.  Smaoinigh sé ar na fir óga a fuair bás ar son an rúin seo.  Bhí brón an domhain air agus bhain sé a choróin de.  Níor cheilt sé a chluasa ón lá sin ar aghaidh.

Sin é mo scéal.

Nach deacair an rud é rún a choimeád?