An oíche is fearr go dtí seo

Andy ag cur an slua ag gáire

Andy ag cur an slua ag gáire

Bhí sár-oíche againn Dé Sathairn seo caite sa Cricket Club.  Bhí scéalaíocht againn ó Chillian Ó Braonáin, ó Chaoimhín Ó Ceallaigh agus ó Dhaithí Ó hAodha.  Lean an oíche le ceol ó Niamh Ní Bhraonáin agus Orlaith Ní Challanáin agus críochnaigh an oíche le rud iomlán nua dúinn ag ReRá, b’shin stand up as Gaeilge ó Andy Ó Faoláin, Áine Ní Ghallachóir agus Eoin Ó Murchú.  Feictear blaiseadh den ghreann sin ar leathanach na bhfíseán.  Táimid an-bhuíoch do gach aon duine a thánaig ar an oíche agus tá súil agam go mbeidh sibh go léir ar ais chugainn arís ar an 7ú Márta.