ReRá 6ú Feabhra 2016

Diarmuid

Beidh ReRá ar ais, don chéad oíche dúinn i 2016 ar an Satharn an 6ú lá Feabhra .  Beidh aoi an-speisialta go deo i láthair linn – Diarmuid Ó Drisceoil.  Is scéalaí cáiliúil, cumasach, craiceáilte é Diarmuid le fréamhacha doimhne sa traidisiún scéalaíochta ghaelaigh; d’fhás sé aníos i gclann dhátheangach.  Tá camchuairteanna idirnáisiúnta déanta aige go minic agus tá baint mhór aige le reachtáil Fhéile Scéalaíochta Oileáin Chléire go bliaintúil.  Maraon leis an scéalaíocht agus an rogaireacht, tá an-aithne air óna chuid oibre mar staraí agus mar údar.  Tá The Murphy’s Story, Serving The City, agus Fifty Years Have Flown, leabhair mar gheall ar ghnéithe de shaol na cathrach seo againne i measc an tsaothair aige.  Is cinnte go gcuirfidh sé an-siamsaíocht ar fáil dúinne, mar sin cuirimis an-fháilte roimhe.