Rabhlóga

Seo daoibh na rabhlóga a bheidh le clos ar an 26ú Aibreán.  Bainigí triail as cúpla ceann.

 

RABHLÓGA

chun do theanga a cheangailt

 

Is deacair stoca a stracadh trasna.

Bíonn báisteach uafásach san fhásach.

Ná bac le mac an bhacaigh is ní bhacfaidh mac an bhacaigh leat.

Fear feargach ag faire na farraige fuaire.

Cheannaigh cailín cliste ceanúil císte.

 

Seacht sicín ina seasamh sa sneachta lá seaca.

Clog beag bog ag bogadh a bheag a mhór.

Chuaigh ceannaí cneasta cliste thar chlaí crua chloch.

Cearc uisce san uisce ag slúbáil is ag slabáil.

Fataí boga, beaga fliucha bruite ar uisce is uisce leo.

 

Bhí cleas críonna cleasach ag cleasaí crua cliste

Dith dámh dubh, ubh amh, ar neamh.

Cat breá, broc donn, cat bán cam eireaballach.

Cearc ag piocadh piobair de phláta Pheadair.

Bosca brioscaí measctha nó bosca measctha brioscaí.

 

Rug Liam Rua ar luch ramhar liath.

Fear fíal flaithiúil é Flaithrí Ó Flannaile.

Tá tuí ar thaobh an tí tuí atá thíos sa toinn.

Rug rón liath ar roc leathan rua.

Ní péint dhearg a rinne dearg an deargadaol.

 

Fástar fataí fada go fairsing le feamainn.

Ghlan Fiachra a fhiacla le taos fiacla.

Tá gruaig fhada rua ar an róbat ramhar.

Arsa Doug beag bog, “Rug gob beag bog gog beag bog.

Bhí bean bheag bhocht breoite bruite leis an bhfuacht.

Rinne Máire gáire gan náire ag an fhaire i nDoire anuraidh.