Imeachtaí

Bígí ag faire amach dos na himeachtaí is déanaí ar an suíomh seo, agus sa saol mór amach ansin, ar an leathanach seo.  Is le tacaíocht dá chéile a dhéanfaimid dul chun cinn teanga agus le cultúr na nGael.

ReRá 13ú Feabhra

IMG_9619

Má tá scéalta grá le roinnt agaibh a chairde, bígí cinnte go mbeidh duais ar fáil daoibh ag ReRá an Ghrá!  Ní bheidh na grúpaí measctha an uair seo, mar sin is le bhur gcairde féin a bheidh sibh ag roinnt na scéalta.  Mar aon leis sin uile, beidh an gnáthmheascán de chraic, cheol agus uile.

Breithlá ReRá 11ú Deireadh Fómhair sa Spailpín Fánach

Chocolate_Cake_with_Candles_Art_PNG_Large_Picture

Breithlá sona dúinn. Dhá bhliain ar an bhfód agus oíche den scoth i ndán ar an Satharn beag seo an 11ú Deireadh Fómhair thuas staighre sa Spailpín Fánach ag a 9.00. Beidh an cór Gaelach ar ais mar aon le aoieanna speisialta Andy Ó Faoláin agus Eoin Ó Murchú.

ReRá 17ú Meitheamh

photo9

Beidh na lads ón ‘Gaeilgeoir is Greannmhaire’ ar ais arís!

Ar ais arís Dé Sathairn and 17ú Meitheamh.  Tá an-chlár ag teacht le chéile.

ReRá 4ú Aibreán 2014

Clann Lir

Clann Lir

Lucht Gaelgáirí ag teacht ar ais agus Clann Lir mar seanscéal ar an oíche.  Beidh sár-am againn a chairde.  Beirigí cúpla duine nua libh agus treise libh idir seo agus Dé hAoine an 4ú lá Aibreán.

ReRá 7ú Márta

Mossy ag insint scéal den scoth!

Mossy ag insint scéal den scoth!

An-chuid scéalaithe nua, an-chuid cairde nua, an chuid spraoi.  Go raibh míle maith aguibh as ucht teacht agus scaipigí an focal anois maidir leis an gcéad oíche eile ar an 4ú lá Aibreán.

 

ReRá 7ú Márta 2014

return-of-oisin-bob-fox

Tar éis oíche den chéad scoth ar an 8ú Feabhra beimid ar ais arís le breis is tuilleadh ar an 7ú Márta.  Beidh Oisín i dTír na nÓg mar sheanscéal ar an oíche mar aon le togha agus rogha na gnáthshiamsaíochta.  Bailigí isteach chugainn sa Cricket Club arís thar fán 8.30 a chairde.

ReRá an 7ú Márta

Gaeilge mórthimpeall uirthi

Gaeilge mórthimpeall uirthi

Beidh ReRá ar ais arís ar an 7ú Márta a chairde, sa Cricket Club,  agus gach cosúlacht ar an scéal go mbeidh slua mór agus caighdeán ard siamsaíochta arís.  Beidh Máirtín Angolo ag teacht chun píosa stand up a dhéanamh dúinn agus tá súil againn go meallfaimid roinnt dos na Dubs eile ar ais leis.

ReRá ar an 8ú Feabhra

Beidh réaltaí teilifíse ann ag ReRá ar an 8ú Feabhra.  Beidh Áine Gallagher agus Eoin P. Ó Murchú ag teacht – beirt a bhí ar an sraith teilifíse ‘An Gaelgeoir is Greannmhaire’ le déanaí.  Seo pic ón gclár i gCarna  Beidh muintir Chorcaí ann chomh maith le Daithí Ó hAodha i mbun scéalaíochta chomh maith le rogaire nó dhó eile ar a bhfuil seanaithne aguibh.

2013-10-06 18-2.23.20

 

ReRá ‘Ar ais ar scoil’

ReRá ‘Ar ais ar scoil’

Beimid san Cork County Cricket Club Dé hAoine an 20ú lá Meán Fómhair óna 8.30 ar aghaidh.  Beidh comórtais tíreolaíochta, matamaitice, staire, agus níos mó.  Tar ar ais ar scoil a chairde.

Oíche Chultúrtha na Cathrach 2013

Oíche Chultúrtha na Cathrach 2013

Táimid sa chlár oifigiúil d’Oíche Chultúrtha na Cathrach ar an 20ú lá de mhí an Mheithimh.  Bígí linn ar an oíche.  Beidh spás againn do chéilí ag deireadh na hoíche.  Féach ar http://culturenightcork.ie/events/141/rera/