Imeachtaí

Bígí ag faire amach dos na himeachtaí is déanaí ar an suíomh seo, agus sa saol mór amach ansin, ar an leathanach seo.  Is le tacaíocht dá chéile a dhéanfaimid dul chun cinn teanga agus le cultúr na nGael.

ReRá le ‘Óró’

Óró - Cór Gaelach Chorcaí

Óró – Cór Gaelach Chorcaí

Beidh Óró i láthair ag Rerá ar an 15ú Deireadh Fómhair. Ar an bhfód le dhá bhliain anois, is ó neart go neart atá siad ag dul. Bígí linn don cheol is don chraic óna 21.00 i gClub na Cricéide ar an Mardíog.

16.9.2016 Oíche Chultúir le haoi-scéalaí Paddy O’Brien

Culture night

Tá an oíche chultúir buailte linn arís a chairde.  Tagaigí uile agus bainigí sult as oíche ReRá leis an scéalaí/draoi-focal Paddy O’Brien.

 

John Spillane ag ReRá

John-Spillane4

 

Ardoíche cheoil i ndán anocht ag ReRá le John Spillane mar aoi speisialta.  Ceoltóir den chéad scoth ag oíche shóisialta ghaelach den chéad scoth.  Bígí linn.

ReRá 19ú Márta 2016

0 (3)

Beidh Naomh Pádraig é féin, (nó Paddy O’Brien mar is fear aithne air) mar aoi againn ar an Satharn an 19ú Márta.  Níl scéalaí níos tallanaí ná é ar thalamh glas na hÉireann agus mo thrua oraibh a chailleann an deis a chuid scéalaíochta a bhlaiseadh ar an oíche chéana.

ReRá 6ú Feabhra 2016

Diarmuid

Beidh ReRá ar ais, don chéad oíche dúinn i 2016 ar an Satharn an 6ú lá Feabhra .  Beidh aoi an-speisialta go deo i láthair linn – Diarmuid Ó Drisceoil.  Is scéalaí cáiliúil, cumasach, craiceáilte é Diarmuid le fréamhacha doimhne sa traidisiún scéalaíochta ghaelaigh; d’fhás sé aníos i gclann dhátheangach.  Tá camchuairteanna idirnáisiúnta déanta aige go minic agus tá baint mhór aige le reachtáil Fhéile Scéalaíochta Oileáin Chléire go bliaintúil.  Maraon leis an scéalaíocht agus an rogaireacht, tá an-aithne air óna chuid oibre mar staraí agus mar údar.  Tá The Murphy’s Story, Serving The City, agus Fifty Years Have Flown, leabhair mar gheall ar ghnéithe de shaol na cathrach seo againne i measc an tsaothair aige.  Is cinnte go gcuirfidh sé an-siamsaíocht ar fáil dúinne, mar sin cuirimis an-fháilte roimhe.

ReRá roimh Nollaig

IMG_9628

Beidh ReRá ar siúl arís ar an 21ú Samhain i gcóir oíche céiliúrtha le scéalta, craic is ceol.  Beidh ceol Nollag á chasadh ag AnCór ar an oíche

Breithlá ReRá 9.10.2015

IMG_4652

Trí bliana ar an bhfód!  Tagaigí go dtí club na cricéide don chéiliúradh.

ReRá ar an 18ú Meán Fómhair 2015

ihbl-promo-(richie-tyndall)

Ar ais arís don Oíche chultúir agus aoi speisialta againn! Beidh Ger Wolfe i láthair chun cúpla amhrán fileata a chasadh. Bígí linn.

ReRá 16ú Bealtaine

Fómhar na bliana 2014

Anois teacht an tSamhraidh.  Barraíocht craice ar fáil ag ReRá mar is gnách i gceann coicíse.

An Cór ag Ceolchoirm de chuid John Spillane

Mar chuid d’imeachtaí Sheachtain na Gaeilge, tugadh cuireadh don chór nua dul ar stáitse ag ceolchoirm de chuid John Spillane. Seo an chéad phíosa againn ar an oíche.