Faoi ReRá

1. Craic agus Comhrá

Ar an gcéad dul síos, tugann ReRá deis do dhaoine an cúpla focal atá acu a úsáid. Is é seo Gaeilge lasmuigh den seomra ranga — Gaeilge saor ó cheartúchán agus ó chéasadh. Cabhraíonn an comhluadar fáilteach, dar ndóigh, agus cabhraíonn an deoch chomh maith.

2. Scéalaíocht agus Seanchas

‘Scéalaíocht fadó agus scéalaíocht go deo’ – a bheadh mar mhanna againn i ReRá. Aithnímid go bhfuil saibhreas ar leith ag baint leis an mbua scéalaíochta atá againn in Éirinn; tugann ReRá deis do dhaoine, mar sin, scéalta a insint agus a chloisteáil. Bíonn draíocht agus
saíocht an tsean-am le brath maraon le beocht agus bunúlacht an lá atá inniu ann. Cuirtear fáilte, freisin, roimh seanchaithe nua i gcónaí.

3. Cultúr agus Cairdeas

Bíonn níos mó ná scéalta le clos ar an oíche. Tá snáitheanna eile san táipéis; ceol, amhránaíocht, filíocht agus rince traidisiúnta na tíre seo a bhíonn á chéiliúradh fosta.

Tá rud éigin ann do chách. Ní haon rud ardnósach é. Is féidir le haon duine ar aon chaighdeán Ghaeilge taitneamh agus tairbhe a bhaint as an oíche. Táthar ann a tháinig an chéad oíche chun a bheith ag caint agus a rinne cur i láthair ar an dara oíche. Níl aon bhrú ar éinne, ach tá deiseanna do gach duine, foghlaimeoirí agus cainteoirí dúchasacha ar aon, dúshláin a thabhairt dóibh féin. Tar agus labhair as Gaeilge; tar agus cas amhrán, tar agus abair dán, tar agus inis scéal, tar agus cum filíocht.

Ar deireadh thiar thall táimid ag iarraidh daoine a mhealladh. Daoine ar lag-ghaeilge. Daoine ar lag-mhisneach. Chun teanga a spreagadh moltar claonadh i leith na sprioctheanga a bheith ar bun; ag ReRá níl le clos ach an Ghaeilge, bíodh is gur Gaeilge de gach caighdeán í.

Is é an focal scoir i gcónaí, áfach, ná an spraoi. Is é sin croí Rerá.