08 Aug 2017
ReRá na gCnoc
Beimid ag tabhairt faoi lá sna sléibhte go gairid. Beidh na sonraí go léir ar fáil ar an leathanach Facebook. Beirigí bua.
01 Oct 2016
ReRá le ‘Óró’
Beidh Óró i láthair ag Rerá ar an 15ú Deireadh Fómhair. Ar an bhfód le dhá bhliain anois, is ó neart go neart atá siad ag dul. Bígí linn don cheol is don chraic óna 21.00 i gClub na Cricéide ar an Mardíog.
28 Sep 2016
16.09.2016 Aifric le hAmhrán
Aifric Riley le hamhrán ar an Oíche Chultúir ag ReRá le déanaí.
22 Aug 2016
16.9.2016 Oíche Chultúir le haoi-scéalaí Paddy O’Brien
Tá an oíche chultúir buailte linn arís a chairde. Tagaigí uile agus bainigí sult as oíche ReRá leis an scéalaí/draoi-focal Paddy O’Brien.
09 Apr 2016
8.4.16 An poc ar buile
Tháinig John Spillane go ReRá agus chuir sé taispeántas den chéad scoth ar fáil bail ó Dhia air.
08 Apr 2016
John Spillane ag ReRá
Ardoíche cheoil i ndán anocht ag ReRá le John Spillane mar aoi speisialta. Ceoltóir den chéad scoth ag oíche shóisialta ghaelach den chéad scoth. Bígí linn.
27 Feb 2016
ReRá 19ú Márta 2016
Beidh Naomh Pádraig é féin, (nó Paddy O’Brien mar is fear aithne air) mar aoi againn ar an Satharn an 19ú Márta. Níl scéalaí níos tallanaí ná é ar thalamh glas na hÉireann agus mo thrua oraibh a chailleann an deis a chuid scéalaíochta a bhlaiseadh ar an oíche chéana.
22 Jan 2016
ReRá 6ú Feabhra 2016
Beidh ReRá ar ais, don chéad oíche dúinn i 2016 ar an Satharn an 6ú lá Feabhra . Beidh aoi an-speisialta go deo i láthair linn – Diarmuid Ó Drisceoil. Is scéalaí cáiliúil, cumasach, craiceáilte é Diarmuid le fréamhacha doimhne sa traidisiún scéalaíochta ghaelaigh; d’fhás sé aníos i gclann dhátheangach. Tá camchuairteanna idirnáisiúnta déanta aige go minic agus tá baint mhór aige le reachtáil Fhéile Scéalaíochta Oileáin Chléire go bliaintúil. Maraon leis an scéalaíocht agus an rogaireacht, tá an-aithne air óna chuid oibre mar staraí agus mar údar. Tá The Murphy’s Story, Serving The City, agus Fifty Years Have Flown, leabhair mar gheall ar ghnéithe de shaol na cathrach seo againne i measc an tsaothair aige. Is cinnte go gcuirfidh sé an-siamsaíocht ar fáil dúinne, mar sin cuirimis an-fháilte roimhe.
01 Nov 2015
ReRá roimh Nollaig
Beidh ReRá ar siúl arís ar an 21ú Samhain i gcóir oíche céiliúrtha le scéalta, craic is ceol. Beidh ceol Nollag á chasadh ag AnCór ar an oíche
10 Oct 2015
9.10.15 Muintir Uí Mhuineacháin
Mar is gnách dóibh, cumadóireacht agus cur i láthair den chéad scoth ó Mhuintir Uí Mhuineacháin.





















